This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Conair Staire Charn Tóchair (POOLS3-10)

Maith go leor, táimid anseo ag Conair Staire Charn Tóchair, agus chí sibh anseo Emigrant’s Carn tugtar Emigrant’s Carn air mar gur sin an rud deireanach a chonaic siad agus iad ar an bhealach go Doire leis an bhád a fháil go Meiricea, agus nuair a chuaigh siad níos faide ná an carn féin, ní raibh duine ar bith, ní raibh siad ábalta an taobh seo tíre a fheiceáil arís. Chomh maith leis sin tá an-dúil ag lucht sléibhteoireachta sa cheantar seo mar gheall ar, uimhir a haon, go bhfuil na sléibhte, go bhfuil súilóidí deasa sna sléibhte ach uimhir a dó go bhfuil an-tábhacht dúlra ag baint leis an cheantar. Tá dhá charraig aifrinn sa cheantar seo, Granaghan Old Church agus Kearney’s Glen Mass Rock, agus an rud atá i gcarraig an aifrinn sa tseanam le linn na bpéindlíthe nuair a bhí cosc ar, go bunúsach, ar an chreideamh caitliceach go mbíodh ar na sagairt an t-aifreann a rá ar charraigeacha aifrinn. Bhí na carraigeacha seo lonnaithe, tá a fhios agat, in áiteanna iarghúlta ionas nach dtiocfadh leis na, na cótaí dearga nó saighdiúirí na Breataine, ionas nach dtiocfadh leosan teacht orthusan nó ar an phobal caitliceach.

Short url:   https://multidict.net/cs/3043